An Ghaeltacht

Comhartha an Údaráis ar theorainn na Gaeltachta
Gaeltachtaí oifigiúla

Is éard is Gaeltacht ann ná ceantar ina n-aithnítear an Ghaeilge mar theanga an phobail ann, go stairiúil ar a laghad. B'é ba bhrí leis an bhfocal sin Gaeltacht fadó ná Gaelachas, ach ó thosaigh an Ghaeilge ag dul as úsáid in áiteanna in Éirinn, tháinig an téarma "Gaeltacht" nó "ceantair Ghaeltachta" chun cinn ar na háiteanna sa tír ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt i gcónaí mar theanga thraidisiúnta a théann go nádúrtha ó ghlúin go glúin.

Is léir, áfach, gurb iomaí áit sa Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Béarla in uachtar anois, mar shampla Cloch na Rón, an Achréidh agus Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, nó Ailt an Chorráin agus Gleann Bharr i gContae Dhún na nGall, Acaill, Béal an Mhuirthead agus an tSraith i gContae Mhaigh Eo chomh maith leis an gcuid is mó d'Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí.

Úsáidtear canúintí éagsúla ó Ghaeltacht go Gaeltacht. Tugtar Gaidhealtachd nó Gaeltacht na hAlban ar na ceantair in Albain ina labhraítear Gaeilge na hAlban (nó Gàidhlig).


From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Tubidy