Berkeley, California | |||||
---|---|---|---|---|---|
Berkeley (en) | |||||
Ainmnithe in ómós | George Berkeley | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | California | ||||
County of California (en) | Contae Alameda | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 124,321 (2020) | ||||
• Dlús | 2,713.15 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 45,884 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in statistical territorial entity (en) | Limistéar Chuan San Francisco | ||||
Achar dromchla | 45.821691 km² | ||||
• Uisce | 40.834 % | ||||
Airde | 52 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1866 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Jesse Arreguín (2016–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 94704, 94703 agus 94702 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 510 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | berkeleyca.gov |
Cathair in iarthar-lár California is ea Berkeley. Tá sé suite ar bhruach thoir Bhá San Francisco i dtuaisceart Chontae Alameda. Tá sé ainmnithe i ndiaidh George Berkeley, easpag agus fealsamh Éireannach ón 18ú haois. Tá sé ag críochantaíocht le Oakland agus Emeryville ó dheas agus le Albany agus le Kensington ó thuaidh. Ar an taobh thoir, tá Berkeley ag críochantaíocht le Contae Contra Costa, teorainn a leanann barr dhroim Chnoic Berkeley a bheagán nó a mhórán. Sa bhliain 2010 fuarthas 112,580 duine ina gcónaí in Berkeley.
Tá an campas is sine i gcóras Ollscoil California (.i. Ollscoil California, Berkeley, suite in Berkeley, agus tá Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley sa chathair freisin. Tá an Graduate Theological Union, atá ar cheann de na hinsitiúidí léinn reiligiúnda is mó ar domhan, in Berkeley chomh maith. Tá an clú ar an gcathair go bhfuil an liobrálachas sóisialta in ardréim inti.