Contae Aontroma

Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Aontroma
Antrim (en)
Aontroim (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósAontroim (baile) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 54° 51′ 54″ N, 6° 16′ 48″ O / 54.865°N,6.28°W / 54.865; -6.28
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairAontroim (baile) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán618,108 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús217.34 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla2,844 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch nEathach, an tAigéan Atlantach agus Sruth na Maoile Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie100000

Contae Aontroma[1] (Béarla: County Antrim) suite i gCúige Uladh, ar chósta thoir thuaidh Loch nEathach, agus tá achar de 2,844 km² aige. Cónaíonn thart ar 616,000 daoine ann, rud a chiallaíonn go bhfuil an daonra is mó i dTuaisceart Éireann mar aon leis an darna ceann is mó in Éirinn aige. Tá sé mar pháirt de chúige Uladh.

Meallann Glinntí Aondroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirtse, an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae agus tá an chuid eile dí i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chontae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.

  1. Contae Aontroma/Antrim | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Tubidy