Is contae in oirdheisceart Texas é Fort Bend. Is é Richmond príomhbhaile an chontae. Is é Sugar Land an chathair is mó sa chontae. Is é contae Fort Bend an contae leis an deichiú daonra is airde in Texas. Bhí 585,375 duine ag maireachtaint sa chontae sa bhliain 2010, suas ó 354,452 duine sa bhliain 2000. Ba Bhéarla an phríomhtheanga ag 63% de na daoine sa bhliain 2010, ba Spáinnis an phríomhtheanga ag 18.9%, ba Sínis an phríomhtheanga ag 3.5%, ba Urdúis an phríomhtheanga ag 2.5% agus ba Vitneamis an phríomhtheanga ag 2.5%.