Is é atá i gceist le daonra ná an líon iomlán d'orgánaigh den speiceas céanna a mhaireann san áit chéanna.
Ó thaobh na socheolaíochta de, tagraíonn daonra do ghrúpa daoine a chónaíonn in aon áit amháin.[1] Úsáidtear an téarma chun saoránaigh an stáit a shainiú nó chun tagairt do ghrúpa le comhthréithe: mar shampla, an daonra bundúchasach, an daonra fostaithe, daonra na cathrach, agus eile.[2]
↑Áitritheoirí réigiúin nó tíre, ag cuimsiú an phobail dhúchasaigh is an phobail inimircigh, de réir Matt Hussey, Fréamh an Eolais, 2011
↑Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
↑Hannah Ritchie, Lucas Rodés-Guirao, Edouard Mathieu, Marcel Gerber, Esteban Ortiz-Ospina, Joe Hasell, Max Roser (2023-07-11). "Population Growth". Our World in Data.