Is é The Walt Disney Company nó Disney mar a thugtar air de ghnáth, ceann de na comhlachtaí siamsaíochta agus meáin is mó ar domhan. Tá sé liostaithe ar Stocmhargadh Nua-Eabhrac. Bunaíodh é ar 16 Deireadh Fómhair, 1923 ag na deartháireacha Walt agus Roy Disney mar stiúideo beochana beag. Is ceann de na stiúideonna is mó i Hollywood an lae inniu é agus tá aon pháirc téama déag, dhá pháirc uisce agus líonraí teilifíse éagsúla acu, an American Broadcasting Company nó ABC ina measc.
Tá ceanncheathrú agus príomh-áiseanna léiriúcháin Disney lonnaithe i Stiúideonna Walt Disney i mBurbank, California, SAM. Is cuid d'innéacs mheán tionsclaíoch Dow Jones é. Bhí ioncam $34.3 billiún ag an gcomhlacht sa bhliain Walt Disney World Resort, Disneyland, 2006.