Gaelg | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 1,823 (2011) |
Dúchasach do | Oileán Mhanann |
Stáit | Oileán Mhanann |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Gaelacha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Coonceil ny Gaelgey |
Leibhéal leochaileachta | 5 i mbaol báis |
Cóid | |
ISO 639-1 | gv |
ISO 639-2 | glv |
ISO 639-3 | glv |
Glottolog | manx1243 |
Linguasphere | 50-AAA-aj |
Ethnologue | glv |
Linguist List | glv |
UNESCO | 387 |
IETF | gv |
Endangered languages | 8601 |
Teanga Ghaelach a labhraítear in Oileán Mhanann atá i gceist leis an Mhanainnis nó Gaeilge Mhanann[1] (Gaelg nó Gailck). Shíolraigh sí ón Mheán-Ghaeilge ar dtús, agus tá sí cosúil le Gaeilge agus Gaeilge na hAlban. Fuair an cainteoir deireanach dúchais, Ned Maddrell, bás sa bhliain 1974, ach tá athbheochan ar siúl ar an oileán agus líon na gcainteoirí ag dul i méadaíocht. Tá gaelscoil Mhanainnise ann le cúpla bliain anuas áfach, ina n-úsáidtear an teanga mar mheán teagaisc. Baineann rialtas Mhanann, an Tinbheal, úsáid as Gaeilge Mhanann mar theanga oifigiúil reachtaíochta, chomh maith leis an mBéarla.
Cé go bhfuil gaol dlúth ag an Manainnis leis na teangacha Q-Cheilteacha eile (Gaeilge agus Gaeilge na hAlban), tá an litriú bunaithe ar litriú an Bhéarla agus na Breatnaise.