Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Seánra popcheoil is ea rac nó rac-cheol, a thosaigh amach mar rac is roll i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1950idí. Tá rac-cheol comhdhéanta de ghuthanna agus uirlisí éagsúla - an giotár, an dordghiotár agus na drumaí ach go háirithe. Uirlisí eile a baintear úsáid as ná an pianó, an t-orgán agus an t-sintéiseoir. De ghnáth, bíonn cúl-bhuille láidir le cloisteáil i rac-cheol, agus bíonn na hamhráin bunaithe ar na giotáir don chuid is mó.
Go forleathan, is comhchiallacha iad na téarmaí rac-cheol agus rac is roll. Bhíodh rac agus roll níos faiseanta sna 1950idí, ach thosaigh na bannaí móra sna 1960idí ag tabhairt an téarma rac-cheol orthu féin. Inniu, is téarma ginearálta é rac-cheol, a chlúdaíonn go leor foth-sheánraí éagsúla.