Ailtire a rugadh i gCair Chaladain na hAlban ab ea Robert Adam (3 Iúil 1728 – 3 Márta 1792). D'éirigh leis féin is a dheartháir James Adam (1730-1794), ailtire eile, an faisean Pallaidiach a bhí i réim san ailtireacht a chlaochlú go suntasach trí athruithe grástúla rómánsacha ar bhunchruthanna éagsúla clasaiceacha a thabhairt isteach. Dhear siad troscán is córacha a bheadh oiriúnaithe do na tithe a phleanáil is a dheisigh siad.[1]