Snagcheol

Snagbhanna Butch Morris and Conduction ag seinm.

Is cineál ceoil bunaithe i gcultúr Afrai-Mheiriceánach é an snagcheol. Bíonn rithimí láidre ag snagcheol, agus seinntear é le huirlisí faoi leith – an clairinéad, an sacsafón, an trumpa, na drumaí, pianó go minic. Sa chanadh, is minic a bhíonn focail gan chiall ann, mar shampla “bipití baipití bú”.[1]

Bíonn tobchumadh le fáil go forleathan ann. Ciallaíonn sé seo nach mbíonn an ceol réamhullmhaithe ag na seinnteoirí ach cumann siad é de réir mar a théann siad ar aghaidh (ag leanúint nósanna áirithe).

Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil[2] ar an 30 Aibreán gach bliain.

  1. cogg.ie. "Fonn ceoil". Dáta rochtana: 2020.
  2. ""Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-30.

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Tubidy