An fásra in Tamaulipas, sléibhte na Sierra Madre Oriental sa chúlra
Tá an trádáil níos tábhachtaí ná aon chuid eile de gheilleagar an stáit. Tá 15 pointe trasnaithe ar an teorainn leis na Stáit Aontaithe. Is é Nuevo Laredo an ceann is tábhachtaí. Téann 28% de thrácht thrádála NAFTA tríd agus an droichead idir é agus na Stáit Aontaithe, is é an droichead idirnáisiúnta is mó tráchta ar domhan. Lena chois sin tá dhá chalafort thábhachtacha ann, Tampico agus Altamira. Tá Tampico suite ar an mbruach thuaidh den abhainn Pánuco agus tá scaglann mór ola de chuid PEMEX ann. Táirgí peitril sa chuid is mó a théann tríd an gcalafort úd. Earraí saothraithe de gach aon chineál a théann trí Altamira. San iomlán aistrítear 30% d'earraí trádála Mheicsiceo leis an gcoigríoch trí Tamaulipas.