Washington, D.C. | |||||
---|---|---|---|---|---|
Washington (en) | |||||
|
|||||
Mana | «Justitia Omnibus» (3 Lúnasa 1871) | ||||
Siombail oifigiúil | Smólach coille agus Capitalsaurus (en) | ||||
Ainmnithe in ómós | George Washington agus Criostóir Colambas | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Federal district (en) | District of Columbia (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | luach ar iarraidh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 689,545 (2020) | ||||
• Dlús | 3,895.73 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 288,307 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Mórcheantar Washington | ||||
Cuid de | na Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha Réigiún an Lár-Atlantaigh Arlington–Alexandria–Reston metropolitan division (en) | ||||
Achar dromchla | 177 km² | ||||
• Uisce | 10.67 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Potomac, Abhainn Anacostia agus Rock Creek (en) | ||||
Airde | 72 m | ||||
Pointe is airde | Fort Reno Park (en) (409 ft) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 16 Iúil 1790 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Mayor of the District of Columbia (en) | Muriel Bowser (2015–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 20001–20098 agus 20201–20599 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 202 | ||||
Cód INSEE | 11001 | ||||
ID GNIS | 2390665 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | dc.gov |
Is é Washington, D.C. príomhchathair Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tagann an t-ainm ón gcéad Uachtarán, George Washington, agus ciallaíonn "D.C." District of Columbia (Ceantar Cholumbia). Sa chathair seo atá rialtas na Stát Aontaithe, agus is ceantar ar leith é sa mhéid go bhfuil Comhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá i gceannas air ach nach dtoghann an ceantar ach teachta amháin agus é/í gan vóta. De bhrí nach stát atá ann ní chuireann votálaithe an cheantair seanadóirí go Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chor ar bith. Tá cónaí ar uachtarán raithe SAM ann sa Teach Bán, a dearadh ag James Hoban agus a tógadh ag deireadh an ochtú aois déag.
Is cathair phleanáilte é Washington, D.C. Cuireadh Pierre Charles l'Enfant, an t-ailtire Francach, ag leagan amach príomhchathrach as an nua don phoblacht óg sa bhliain 1791 agus chruth sé plean Barócach, a bhunaigh sé ar roinnt cathracha san Eoraip. Cuireadh as an phost é an bhliain ina dhiaidh sin mar gheall ar a chuid "micreabhainisteoireachta"—duine doranna a bhí ann. Lean Andrew Ellicott agus Benjamin Banneker, Meiriceánaigh, den phleanáil agus thosaigh siad á cur i gcrích. Is ann atá an Smithsonian Institution, sraith iarsmalainne cáiliúla.